banner
    Tuairisc  
 
01/06/2012    Comórtas:  Comortas Peil na Gaeltachta    Grád:  Faoi 15
Gaoth Dobhair 3-9    Naomh Conaill 0-7
Réiteoir: A Mullin
Ionad: Máchaire Gathlán
Eolas Faoin Cluiche: Cluiche Ceannais
Pictuirí ón chluiche:
Tuairisc:
CLUICHE CEANNAIS FAOI 15. Chuir Gaoth Dobhair tús maith leis an chomórtas i mbliana nuair a fuair siad lámh an uachtar ar Naomh Conaill inniu. Bhí tús maith ag Naomh Conaill nuair a fuair siad 4 phointe sa chéad 10 mbomaite. Thainig Gaoth Dobhair ar ais sa chluiche ansin le 3 phointe ó Dáire Ó Baoill. Fuair Gaoth Dobhair dhá chúl ansin ó Éamonn Ó Colm agus Ódhrán Mac Pháidín. Tháinig Naomh Conaill ar ais le dhá phointe eile ansin. Fuair Mícheál Ó Cearbhaill pointe eile do Ghaoth Dobhair. Scór ag leath ama 2-4 0-6. Sa dara leath bhí Gaoth Dobhair níos láidre le cuidiú na gaoithe. Fuair Ódhrán Mac Pháidín cúl agus pointe. Pointe an duine ansin ag Éamonn Ó Colm, Dáire Ó Baoill agus Mícheál Ó Cearbhaill. Tháinig deireadh leis an chluiche ansin agus bhí an bua ag Gaoth Dobhair leis an scór 3-09 0-07.

Back | Tuarascail eile..
 
© HomeClub 2013Home | Contact HomeClub