banner
English Version
Menu
    Baile
spacer
    Foirne
spacer
    Próifíl na nImr..
spacer
    Nótaí an Chlub
spacer
    Clár Cluichí
spacer
    Torthaí
spacer
    Tuairisc
spacer
    Táblaí
spacer
    Stair
spacer
    Pictuirí
spacer
    Pobalbhreith
spacer
    Oifigigh
spacer
    Bainisteoirí
spacer
    Ónairí
spacer
    Teachtaireachtaí
spacer
    Teagmháil
spacer
    Nascanna
spacer
    Lotto
spacer
    Nuachtlitir
spacer
    Feilire
spacer
04/04/2008    Comórtas:  Sraith    Grád:  Faoi 16
Gaoth Dobhair 6-11    Gaeil Leitir Ceanainn 2-8
Réiteoir: A Mullin
Ionad: Leitir Ceanainn
Eolas Faoin Cluiche: Faoi 16, Roinn 1
Pictuirí ón chluiche:
Tuairisc:
D’éirigh go maith leis an fhoireann faoi 16 ina gcluiche i gcoinne Gaeil Leitir Ceanainn, i Leitir Ceanainn tráthnóna Dé hAoine s’chuaigh thart. Bhí bua de cuige phointe dheag acu. Gaeil Leitir Ceanainn, 2-08, Gaoth Dobhair, 6-11. Scóráil Maitiú ó hEarcáin, Seosamh Be Blárach, Lorcán ó Gallchóir, Séimí ó Raghaile agus Odhrán Mac Niallais(2) na cúl do Ghaoth Dobhair, agus thug an fhoireann sár tháispeántas in éadan na gaoithe.

23/03/2008    Comórtas:  Sraith    Grád:  Sinsear
Gaoth Dobhair 1-12    Naomh Conaill 0-8
Réiteoir: R O Donnell
Ionad: Máchaire Gathlán
Eolas Faoin Cluiche: Cluiche ag toiseacht ar a 3.00
Pictuirí ón chluiche:
Tuairisc:
Bhí bua maith ag Gaoth Dobhair ina gcéad chluiche sraithe den bhliain, nuair a fuair siad bua de seacht bpointe ar Naomh Conaill i Machaire Gathlán. Bhí Gaoth Dobhair seacht bpointe chun tosaigh ag deireadh an chead leath, agus iad ag imirt le comhar láidir gaoithe. Níor aimsigh Naomh Conaill ach péire de scóranna sa cheád leath, agus an dá scór sin ag teacht ó chiceanna saora. Bomaite amháin a bhí ar an chlár, nuair a chuir Séamus Ó Cearrbhaill an fhoireann baile chun tosaigh. Dhá bhomaite ina dhiaidh sin, mhéadaigh Colin Ó Fearraigh an bearna sin go ceithre pointe, nuair a fuair sé cúl do Ghaoth Dobhair. Scóráil Gaoth Dobhair trí cinn de phointí as a chéile ansin, péire ó Eoghan Mac an Bhaird agus pointe ó Chaoimhín Ó Casaide, sular aimsigh Brendan McDyre an chéad scór do Naomh Conaill ó chic saor. An scór ag an tráth sin, Gaoth Dobhair 1-04, Naomh Conaill 0-01. Fuair McDyre an dara scór ó chic saor ina dhiaidh sin ach scóráil Séamus Ó Gallachóir agus Colin Ó Fearraigh pointí do Ghaoth Dobhair ag deireadh an chead leath. An scór ag leath ama: Gaoth Dobhair 1-06, Naomh Conaill 0-02. Bhí comhar na gaoithe le Naomh Conaill sa dara leath, ach ní leor é sin. Chuir Naomh Conaill tús maith leis an dara leath, ag scóráil trí cinn de phointí san cheád deich mbomaite, le scóránna ó Johnny McLoone, Dara Ó Gallachoir agus Micheal O Malley. Bhí trí phointe scóráilte ag Gaoth Dobhair san tráth seo chomh maith, dhá phointe ó chiceanna saor ó Shéamus Ó Gallachoir agus pointe ó Colin Ó Fearraigh. Leath bealaigh fríd an dara leath, bhí Gaoth Dobhair sé phointe chun tosaigh. Gaoth Dobhair 1-09, Naomh Conaill 0-06. Bhí droch ádh ar Naomh Conaill gan dhá chúl a fháil ag deireadh an dara leath. Bhuail iarracht mhaith ó Séamus Corcoran na postaí, agus rinne cúlbaire Ghaoth Dobhair, Christopher Mac Suibhne sábháil ar dóigh, nuair ba chosúil go mbeadh cúl cinnte ag Brendan McDyre. Fuair Séamus Ó Gallachóir dhá phointe agus Cathal Ó Maolagáin pointe do Ghaoth Dobair san deich mbomaite deireanach den chluiche, agus níor leor an dá phointe a fuair Séamus Corcoran agus Diarmaid Molloy do Naomh Conaill lena dtabhairt slán. An scór deireanach: Gaoth Dobhair 1-12 Naomh Conaill 0-08 Gaoth Dobhair Christopher Mac Suibhne, Seán Mac Gairbheith, Christopher Ó Rabhartaigh, Niall Mac Aoidh, Colmán Mac Cumhaill, Éamonn Mac Aoidh, Seosamh Ó Dubhthaigh, Peadar Mac Aoidh, Caoimhín Ó Casaide, (0-01) Noel Ó Ceallaigh, Séamus Ó Gallachoir, (0-05) Séamus Ó Cearrbhaill, (0-01) Cathal Ó Maolagáin, (0-01) Eoin Mac An Bhaird, (0-02) Colin Ó Fearraigh. (1-02) Naomh Conaill. Stephen McGrath, Sean McKenna, Sean Bonner, Stephen Molloy, Sean Timoney, Dominic Bonner, Michael Malley, (0-01) Johnny McLoone, (0-01) Anthony Thompson, Dermot Molloy, (0-01) Seamus Corcoran, (0-01) Brendan McDyre, (0-03) Conal McNeilis, Leon Thompson, Dara Gallagher. (0-01) Réiteoir: Robbie Ó Dónaill, Naomh Muire

An Chúirt
An Chúirt
An Chúirt
An Chúirt
An Chúirt
An Chúirt
An Chúirt
An Chúirt
An Chúirt