Craobh 2006
An tAthair Seán Ó Gallchóir
Leath bealaigh
fríd an dara leath de chluiche ceannais na peile
sinsirí i nDún na nGall
ar an 15ú lá de Dheireadh Fómhair 2006 thug Niall
Mac Aoidh ruathar éachtach óna chúl
féin cois Finne chianaosta suas an pháirc isteach go domhain sa leath a bhí
a chosaint ag foireann Naomh Adhamhnáin. Níor tháinig scór as an ruathar, ach ba ráiteas dúshlánach dearfach é, a chur in iúl, cé nach
raibh Gaoth Dobhair ag imirt
go maith ná a dhath cosúil leis, nach raibh siad
cloíte, go raibh an spiorad santach, an croí beo bríomhar
ag preabarnaigh go láidir, an toil tréan, cíocras na Craoibhe
coimhíoch ina mhéid agus ina
dhoimhne.
B'shin mar a bhí
feachtas na bliana 2006. Ba mhinic go mba iad
an spiorad agus an spreachadh, an t-ocras agus an t-allas, an díograis agus an dúthracht, an croí agus an cíocras, a choinnigh ag dul
iad nuair nach raibh an pheil
chomh glórmhar is a bhí sí i
mbuaidh na bliana 2002. Thoisigh an feachtas Lá Leabhóige
ar an Chlochán Liath. Cuimhní na staire ag
maisiú na hócaide. Bhí Gaoth
Dobhair ní b'fhearr ach is beag a bhí eadartu ar
chlár na scór go bhfuair an mionúir condae, Séamus Ó Cearrbhaill, cúl na buaidhe
sna bomaití deireanacha. 1-08 / 0-06. Má measadh nach mbeadh
sa dara cluiche
i Machaire Gathlán ar an 27ú Lúnasa ach buaidh gan stró, fuarthas
stró gan bhuaidh. Cé gur
imir Caoimhín Ó Casaide, beo slán
as Boston, b'iad na Rosantóirí a thug na mórtháispeántaisí, go háirithe
Adrian Mac Suibhne na seacht bpointe. Bhain An Clochán Liath 1-11 / 0-08 agus bhí taibhse John O'Donnell le feiceáil ar Ard
na gCeapairí. Ba ar an 9ú Meán
Fómhair a socraíodh an scéal ar na
Croisbhealaigh agus b'iad na seanfhundúirí
Stíofán Ó Casaide , sé phointe, agus
Séamus Ó Gallachóir , cúig cinn, a rinne
an gaisce. 0-15 / 0-10.
Málainn / Ard
a'Ratha
Ba ar
Mhálainn a thug Gaoth Dobhair aghaidh sa chluiche cheathrú
ceannais i bpáirc dheas úr
Leitir Ceanainn ar an 16ú Meán Fómhair. Cé go bhfuil dul chun
cinn iontach déanta in Inis Eoghain agus cé
gur dhúirt Jimmy Mhicí "cuimhnighí ar Charn 1951" is deacair le foirne móra Thír Chonaill
éirí ró-bhuartha fán leathinis neamhspleách
ó thuaidh. Agus d'fhóbair gur dhíol
Gaoth Dobhair go daor as méid a muiníne. 1-11 / 1-09!
Seacht bpointe
ag James.
Thug Gaoth Dobhair aghaidh ar Ard a'Ratha
ar lá báistí
cois Finne ar an chéad lá
de Dheireadh Fómhair. Thoisigh Gaoth Dobhair ar luas
lasrach agus bhí 0-07 / 0-01 ann sular mhuscail Ard a'Ratha. Mhuscail
a n-imreoirí agus a lucht bainistíochta agus lig siad
Breandán Ó Baoill isteach sa ghleo.
Dá mbeadh Breandán...........Á, dá mbainfeadh dá Craobhacha
Condae!....dá mbeadh an lá le dá....! Ba é Niall Mac Aoidh laoch na
himeartha. 0-11 / 0-09.
Naomh Adhamhnáin
Níor imir
Gaoth Dobhair go maith sa cheád
chluiche sa chluiche ceannais cois Finne ar
an 15ú Deireadh Fómhair. Nó bhí dhá
cluiche sa chluiche ceannais ar an aon lá
amháin! Bhí lámh an uachtair ag Naomh Adhamhnáin
ar feadh leathchéad bomaite ach bhí a dtosaithe lochtach. Nó b'fhéidir
gur chirte a rá nach dtug
tacaithe Ghaoth Dobhair, faoi stiúir
Éamoinn éachtaigh Mhic Aoidh, móran
suaimhnis daofa. Choinnigh siad leo. Chráigh siad
iad. Shnámh siad in éadan an tsrutha le misneach agus le móruchtach. Ag deireadh an chéad chluiche, 53 bomaite de, ní raibh ann
ach trí phointe, 0-05 /
0-02.
Ansin, gan
mhoill i ndiaidh ruathar Néill, tháinig cúl cáiliúil cinniúnach
an Chasaidigh. Cúl a mhairfeas i gcuimhne
an phobail fhad is mhairfeas an chaid. Agus, b'fhéidir, ina dhiaidh sin. Cúl na buaidhe.
Deir siad go bhfuair Stíofán an ball ó Éamonn, gur thiontaigh
agus gur lig urchar uaidh
a bhain crith as an eangach agus as gach croí i
bPáirc stairiúil Mhic Cumhaill. Dúirt nuachtán go raibh sé scór
slat ón chúl. Dúrthas 'tí Mhicí
an oíche sin go raibh sé leathchéad. Bhí sé ar
chúl chomh maith is a bhain Corn an Dochtúra Mhic Uidhir
riamh. Thoisigh an dara cluiche ansin
- gaoth inár seolta, cruinneas inár mbróga, lúth
inár ngéaga, brí inár mbearta.
1-05 / 0-06.
D'úsáid Déaglán
Ó Cnáimhsí agus a chúntóir Mícheál Ó Dochartaigh 21 imreoir sna sé cluichí.
Ní cluiche foirne é feasta ach cluiche paineáil. Níor imir Máirtín
Ó Colla, a bhí gortuithe sa chluiche
ceananis. Ach, rinne sé a chuid féin
riomhe sin. Mar a rinne siad seo a shuigh
go foighdeach ar an taobhlíne ach na bhfuair aon chluiche.
Fuair Gaoth
Dobhair 3-58 sna sé chluichí. Fuair
James 1-26 agus Stephen 1-15.
Foireann na
buaidhe 2006
Seán Mac Suibhne
Críostóir Mac Pháidín,
Niall Mac Aoidh, Seán Mac Gairbheith:
Domhnall Mac Giolla
Bhríde, Éámonn Mac Aoidh, Seosamh Ó Dufaigh:
Caoimhín Ó Casaide,
Mícheál Mac Eachmharcaigh:
Pádraig Mac Gairbheith,
Cornelius Ó Gallachóir, Brian Mac Aoidh:
Tomás Ó Duibhir,
Stíofán Ó Casaide (1-01) Séamus Ó Gallachóir (capt) (0-04)
Ionadaithe: (úsaídithe)
Rónan Mac Niallais, Seán Ó Duibhir, Ruairí Mac Cumhaill, Colmán Mac Cumhaill, Séamus Ó Cearrbhaill.
Ceithre Chraobh déag
ag Gaoth Dobhair anois. Ar cheann an tsluaigh.
Solas lae idi muid agus
duisín Aodha Ruaidh.