banner
Leagan Gaeilge
Menu
    Home
spacer
    Teams
spacer
    Player Profiles
spacer
    Club Notes
spacer
    Fixtures
spacer
    Results
spacer
    Reports
spacer
    Tables
spacer
    History
spacer
    Pictures
spacer
    Officers
spacer
    Managers
spacer
    Honours
spacer
    Guestbook
spacer
    Contact Us
spacer
    Links
spacer
    Newsletter
spacer
    Calendar
spacer
     Select Year: 

Aoife de Barra


-Ainm: Aoife de Barra

Aois: 13

Airde: 5’2’’

Onaraí: Comórtás Scileanna Faoi 14, 2005

Slí Beatha: Mac léinn

Freasúra is deacra: Cailiní an Tearmainn

Páirc Imeartha is fearr: Machaire Gathlán

Áit imeartha is fearr liom: Tosach

Sprioc spóirt atá agam: Imirt do Fhoireann Sinsear mná Dhún na nGall

Laoch m’óige: Debby-Lee Fox, Naomh Adhamhnáin

Modhanna chun an cluiche a fheabhasú: Níos mó ná réiteoir amhain ar an pháirc

Míshásamh le CLG: Tá an séasúr C.L.G. ró ghairid dó chailiní

An t-imreoir is fearr liom: Éamonn Mac Aoidh

Daoine a raibh tionchar acu orm: Kate Crowley agus Bríd Bn.Uí Ghallchóir

Bia is fearr liom: Pasta agus torthaí

Díoma is mó: Nuair a chaill muid le pointe amháin i gcoinne Iorras sa bhlian
2004 i bPáirc Uí Dhomhnaill, Leitir Ceanainn

Spriocanna do 2006: Ag leanstan ar aghaidh ag imirt peil do fhoireann faoi 14 cailíní Dhún na nGall.-

Criostóir Mac Suibhne


-Ainm: Criostóir Mac Suibhne

Aois: 19

Airde: 6’0’’

Meáchán: 12st

Onaraí: Craobh faoi 21, 2005
Sraith na Condae 2003
Bonn Chomórtas Peile na Gaeltachta na hÉireann, 2004
2 Bhonn Chomortas Peile na Gaeltachta Dhún na nGall, 2004, 2005
Craobh Tacaíochta, 2003
Sraith Mionúir, 2002
Craobh Chumann na mBunscol

Slí Beatha: Mac léinn

Freasúra is deacra: Seámus Ó Gallchóir agus Gareth Concarr, Ard a Ratha

Páirc Imeartha is fearr: Cluain Eois

Áit imeartha is fearr liom: Cúl báire

An sprioc spóirt atá agam: Craobh Sinsear a bhaint le Gaoth Dobhair agus imirt do fhoireann Sinsear Dhún na nGall.

Laoch m’óige: Gary Walsh agus Shay Given

Modhanna chun an cluiche a fheabhasú: Caighdeán réiteoireachta níos fearr.

Míshásamh le CLG: Ba cheart go bhfaigheadh imreoirí íocaíocht.

An t-imreoir is fearr liom: Seán Cavanagh, Tír Eoghain agus Stephen Claxton, Baile Átha Cliath

Daoine a raibh tionchar acu orm: M’athair, Eamonn, Seosamh Ó Duibhir agus Seán ‘Nonnie’ Mac Suibhne

Bia is fearr liom: Steak agus Chips
Pasta

Díoma is mó: Ag cailleadh cluiche leath cheannais na condae 2005, i gcoinne Naomh Adhamhnáin agus cluiche ceannais Sraith 1A, 2005.

Spriocanna don bhliain 2006: Craobh Sinsear a bhaint le Gaoth Dobhair agus b’fhéidir Craobh Uladh. A bheith roghnaithe mar Chúl báire don fhoireann Sinsear Ghaoth Dobhair agus foireann faoi 21 Dún na nGall.-

Colin Ó Fearraigh


-Ainm: Colin Ó Fearraigh

Aois: 20

Airde: 5’7”

Meáchán: 12st

Onaraí: Craobh Tacaíochta, 2003
Craobh Faoi 21(A), 2005

Slí Beatha: Leictreoir

Freasúra is deacra: Paul Given

Páirc Imeartha is fearr: Páirc Uí Dhomhnaill, Leitir Ceanainn

Áit imeartha is fearr liom: Leath thosach

Sprioc spóirt atá agam: Imirt ag an leibhéal is airde agus baint

Laoch m’óige: Tony Boyle, An Clochán Liath agus Steve Staunton

Modhanna chun an cluiche a fheabhasú: Caighdean réiteóireachta níos fearr

Míshásamh le CLG: Ba cheart do bhainisteoirí a bheith níos cothroime agus foirne a roghnadh acu. Sílim go mbíonn fabhraíocht ann uaireannta.

An t-imreoir is fearr liom: Dessie Dolan

Daoine a raibh tionchar acu orm: M’athair

Bia is fearr liom: Pasta agus Cearc

Díoma is mó: Ag cailleadh cluiche ceannais tacaíochta in 2003

Spriocanna do 2006: Craobh agus Sraith na Condae a bhaint-

Dáire Ó Baoill


-Ainm: Dáire Ó Baoill

Aois: 8

Airde: 4’6”

Meáchán: 32kg

Onaraí: Comortás Scileanna Faoi 8 (2005)

Slí Beatha: Mac Léinn

Freasúra is deacra: An gasúr mór sa dearg (Tearmann)

Páirc Imeartha is fearr: Páirc An Chrócaigh

Áit imeartha is fearr liom: Lár Páirce

Sporting Ambition: Imirt do fhoireann sinsear Ghaoth Dobhair agus Dún na nGall

Laoch m’óige: Éamonn Mac Aoidh agus Caoimhín Ó Casaide

Modhanna chun an cluiche a fheabhasú: Tá mé sásta leis.

Míshásamh le CLG: Tá mé sásta leis.

An t-imreoir is fearr liom: Eoin Ó Maolagáin, Tír Eoghain

Daoine a raibh tionchar acu orm: M’athair, Breandán

Bia is fearr liom: Steak agus Wraps

Díoma is mó: Nuair atá cluichí curtha ar ceal.

Spriocanna do 2006: Roinnt cluichí a bhaint leis an fhoireann faoi 10-

Éamonn Mc Aoidh


-Ainm: Éamonn Mc Aoidh

Aois: 21

Airde: 6’2’’

Meáchán: 185kg

Onaraí: Craobh Mionúir, 1999
Sraith Sinsear na Condae, 2003
Craobh Sinsear, 2002
2 Bhonn Chomortas Peile na Gaeltachta na hEireann, 2002, 2004
2 Bhonn Sigerson, I.T. Sligeach
Craobh Faoi 21(A), 2005
Bonn Comórtas Gairm-Scoileanna, Craobh na hÉireann

Slí Beatha: Tiomanaí leoraí le Gillespie Readymix

Freasúra is deacra: Niall Ó Gallchóir, Gleann Súilí

Páirc Imeartha is fearr: Páirc Dooey, Na Rossa
Áit imeartha is fearr liom: leath chúlaí.

Sporting Ambition: Craobh na hÉireann a bhaint le Dún na nGall agus Gradam All Star a fháil
Laoch m’óige: Tony Boyle, An Clochán Liath agus Micheal Moyles

Modhanna chun an cluiche a fheabhasú: Cheerleaders a bheith ag cluichí peile, agus cead a bheith ag imreoirí an liathróid a thógáil glan ón talamh.

Míshásamh le CLG: Tá CLG mall ag athrú a ndóigheanna.

An t-imreoir is fearr liom: Patricia Gleeson, Foireann Sinsear mná na Gaillimhe.

Daoine a raibh tionchar acu orm: Máirtín Ó Colla.
Bia is fearr liom: Pasta Carbonara
Díoma is mó: Ag cailleadh cluiche leath cheannais craobh na condae 2005, i gcoinne Naomh Adhamhnáin

Spriocanna do 2006: Pósadh agus níos mó boinn a bhaint-

Séamus Ó Cearrbhaill


-Ainm: Séamus Ó Cearrbhaill

Aois: 16

Airde: 5’7’’

Meáchán: 11st

Onaraí: 2 Chraobh Cuman na mBunscol
2 Chraobh an iar thuaiscirt faoi 12 agus faoi 14
2 Chraobh Gael Linn
Craobh na Condae, Soisear B, 2005
Corn Bhun Cranacha,
Craobh Uladh, 2005
Craobh faoi 21, 2005

Slí Beatha: Mac léinn

Freasúra is deacra: Breandan Mac Aoidh, Naomh Mícheál

Páirc Imeartha is fearr: Machaire Gathlán

Áit imeartha is fearr liom: lán thosach

An sprioc spóirt atá agam: Craobh Shinsear a bhaint le Gaoth Dobhair agus imirt do fhoireann Sinsear Dhún na nGall.

Laoch m’óige: Maurice Fitzgerald, Ciarraí agus Peter Canavan, Tír Eoghain.

Modhanna chun an cluiche a fheabhasú: An liathróid a thógáil glan ón talamh agus réiteoir fís a bheith ann.

Míshásamh le CLG: Tá mé lánshásta leis.

An t-imreoir is fearr liom: Stephen O’Neill, Tír Eoghain agus Colm Cooper, Ciarraí

Daoine a raibh tionchar acu orm: Mo theaghlach agus na bainisteoirí a bhí agam

Bia is fearr liom: Steak agus Chips
Pasta

Díoma is mó: Ag cailleadh cluiche ceannais faoi 16 ag imirt do Phobalscoil Ghaoth Dobhair i gcoinne Scoil Chuimsitheach na nGleanntach.

Spriocanna dó 2006: A bheith saor ó ghortú agus mó dhícheall a dhéanamh do Ghaoth Dobhair-

Seámus Ó Gallchóir


-Ainm: Seámus Ó Gallchóir

Aois: 28

Airde: 5’11’’

Meáchán: 13st

Onaraí: Sraith na Condae 2003
Craobh na Condae 2002
2 Bhonn Chomórtas Peile na Gaeltachta na hEireann

Slí Beatha: Búistéir

Freasúra is deacra: Gach aon duine

Páirc Imeartha is fearr: Páirc an Chrócaigh

Áit imeartha is fearr liom: lán tosach

An sprioc spóirt atá agam : A bheith ag imirt go maith don chlub agus a bheith ag imirt don chondae.

Laoch m’óige: Charlie Redmond, Baile Átha Cliath agus Maurice Fitzgerald, Ciarraí

Modhanna chun an cluiche a fheabhasú: Caighdeán réiteoireachta níos fearr

Míshásamh le CLG: Ba cheart go mbeadh sos a thabhairt do imreoirí, peil a imirt ar feadh na bliana.

An t-imreoir is fearr liom: Colm Cooper, Ciarraí agus Stephen O’Neill, Tír Eoghain

Daoine a raibh tionchar acu orm: M’athair, Neilly

Bia is fearr liom: muiceoil agus cál

Díoma is mó: Nar bhain mé níos mó Craobhacha le Gaoth Dobhair

Spriocanna do 2006: Craobh Sinsear a bhaint le Gaoth Dobhair agus b’fhéidir Craobh Uladh le Dún na nGall-

Caoimhín Ó Casaide


-Ainm: Caoimhín Ó Casaide

Aois: 24

Airde: 6’0’’

Méachán: 14.5st

Onaraí: Gradam Allstar
Gradam Allstar Chúige Uladh
Craobh Sinsear na Condae
Sraith na Condae
Craobh Mionúir na Condae
Bonn Chorn Sigerson
Bonn Chorn Trench
Dhá Bhonn Chomórtas Peile na Gaeltachta na hÉireann
4 Bhonn Chomórtas Peile na Gaeltachta Dhún na nGall

Slí Beatha: Mac Léinn

Freasúra is deacra: Christy Toye

Páirc Imeartha is fearr liom: Machaire Gathlán

Áit Imeartha is fearr liom: Leath chúlaí, lár páirce.

Spriocanna Spóirt atá agam:Craobh na hÉireann a bhaint agus níos mó craobhacha condae a bhaint le Gaoth Dobhair.

Laoch m’óige: Jack Ó Sé

Daoine a raibh tionchar acu orm: Pat Shovelin, Seosamh Ó Duibhir, Packie Mac Fhionnghaile

Modhanna chun an cluiche a fheabhasú: Fág é mar atá.

Míshásamh le CLG: Tá mé lán shásta le CLG mar atá.

An t-imreoir is fearr liom: Tomás Ó Sé.

An Bia is fearr liom: Pasta

Díoma is mó: Ag cailleadh cluiche leath cheannais na hÉireann, agus ag cailleadh go leor cluichí leath cheannais craoibhe le Gaoth Dobhair.

Spriocanna do 2006: Craobh Na Condae, Craobh Uladh, Comórtas Peile na Gaeltachta a bhaint le Gaoth Dobhair, agus Craobh na hÉireann a bhaint le Dún na nGall.-
Seaview Hotel
Seaview Hotel
Seaview Hotel
Seaview Hotel
Seaview Hotel